Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag dul na scoile, Fanny Johnny Earcáin an múinteoir as Gort an Choirce agus an máistir Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair, Séan Hanraí a bhí ina chónaí ar an Ardaí Bheag, a bhí aici. Rinne sí scrúdú ullmhúcháin don choláiste le dhul ar aghaidh fá choinne múinteoireachta agus fuair sí scoláireacht le freastal ar Choláiste Bhríde i 1935. | 00:06:05 | |
Thosaigh Máire ag teagasc thíos ar an Chaisleán Nua, ag déanamh ionadaí do bhean as Gaoth Dobhair. Ní raibh mórán eolais aici san am sin, ní raibh taithí aici. Ina dhiaidh sin fuair sí post eile mar ionadaí arís i gCo. An Chabháin, bhain sí sult as. Bhí sí ina cónaí ar fheirm agus bhí beithigh acu. Rinne sí cúpla mí ansin go bhfuair sí post lánaimseartha i Ráth Mealtain ar feadh cúpla bliain. Ansin fuair sí post istigh in Inis Bó Finne. Bhí lúcháir uirthi le sin mar go raibh sí ag iarraidh post sa Ghaeltacht. Bhí sí 18 mbliana ansin. Thóg sí féin agus a fear teach istigh ar an oileán agus bhí saol ar dóigh ansin. A ham ar an scoil. | 00:09:54 | |
Bhí sí ag teagasc i nGort an Choirce fosta, bhí sí breá sásta ansin fosta. Chaith sí 22 bliain ansin. Bhí dúil aici san am a chaith sí ag teagasc. Scéal greannmhar faoin am a chuaigh sí ag faoistin ón scoil. | 00:04:02 | |
Scéal greannmhar faoi ghasúr beag ar an scoil agus a chuid léitheoireachta. | 00:02:54 | |